Don chéad uair riamh, tá seirbhísí raidió Gaeilge uile na hÉireann á dtabhairt le chéile in aon láthair amháin ar an aip An Seinnteoir Raidió. Forbartha ag RTÉ i gcomhar leis an IBI, is féidir teacht ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió RíRá agus Raidió Fáilte in aon láthair amháin, chomh maith le podchraoltaí agus cláracha ar éilimh i nGaeilge.
댓글